NEFFBROS....Na Deartháireacha Neff.... Flaithrí Neff, (Píb Uilleann) .... Eoghan Neff, (Fidil)
Is iad Flaithrí agus Eoghan Neff beirt do na ceoltóirí den ard-scoth. Baineann rímháistreacht leo - breacann léirmheastóirí focail síos cósúil le “... foirfeacht, oilteacht, corraitheach, cumhachtach, eisceachtúil, fuinniúl, draíochtúil, neartmhar, spleodar, cruinneas, ealaíonta, mothúchán ....”
Ní nach ionadh mar sin go bhfaigheann siad ard-mholadh dá gcur i láthair ag gach iarracht. Is fuinneamh fé leith ar grinneall gríosaitheach na cuisle Ceiltí Flaithrí agus Eoghan, ag fanacht chun éirí le rímháistreacht tonnchreathach, araon le tionlacan spreagthach sainiúil, agus pléascfaidh siad le neart nuatharraingthe san ortha bhíseach mhearbhlach chun cluas na cuideachta a mhealladh le ceol croíúil Ceilteach.
Moladh go hárd iad dá gcuid ard-scileanna agus deimhneachta. Léiríonn siad cruthaitheacht ina gcóiriú agus díograis don traidisiún. Ceol go hiondúil traidisiúnta nascaithe go hionraic leis an oidhreacht síorchruthaitheach Gaelach, is é seo cuisle bheo ceol traidisiúnta na hÉireann.
Tá an-chuid duaiseanna agus comórtais bainte ag an mbeirt, cé go bhfuil sé sin go hiontach is é déanamh an cheoil an rud is tábhachtaí dóibh - chomh maith le haon cheoltóir i ndáiríre. Gné eile dá saol is ea an Gheailge ar ndóigh agus is breá leo ceolchoirm a chur i láthair trí mheán na Geailge. I Lorient bhí Fraincís agus Gealige á n-úsáid acu ar an árdán le linn a gcur i láthair, rud a tharraing tagairtí ó dhaoine a rá cé chomh taitneamhach is a bhí a leithéad le cloisint.
“Is oidhreacht bheo í ceol traidisiúnta na hÉireann, nach dtagann ach go sealadach faoi chúram an cheoltóra. Gan anáil fé leith gach glúine ní bheadh ár n-oidhreacht chomh saibhear is atá, mar sin, smaoinímís ar na glúinte siúd inár seinnt agus inár n-éisteacht don dtabhartas iontach seo uathu.”
[Tógtha ó chlúdach a n-albaim féin]
Tá an traidisiún de chuid cheoil agus amhránaíochta le fáil go bríomhar i gcathair Chorcaí agus díreach lasmuigh dí sa Ghaeltacht Mhúsgraí agus beagáinín níos faide siar arís i Sliabh Luachra, áit a gheofá saibhreas an dúchais. Tá Ráthpéacáin ar imeall na cathrach agus é ag féachaint amach thar mánna na Bhlárnan go dtí an oidhreacht Gaelach seo.
BEATHAISNÉIS :
D’fhás na Deartháireacha Neff aníos mar chuid de theaghlach le grá mór don Ghaeilge, don cheol agus don chultúr. Is iomaí duais atá bainte amach acu agus is iomaí ócáid a chas an teaghlach ar fad ceol ar ardán anseo sa bhaile agus thar lear.
Do b’é 2000 an bhliain a sheol Flaithrí & Eoghan a gcéad albaim Soundpost and Bridle agus bronnadh ardmholadh dá rímháistreacht ar ghléas agus ar cheol orthu sna léarmheasanna. Albam féin léirithe faoina lipéad féin é.
Thug an tarna albam Ar Scáth a Chéile – Each Other’s Shadow deis iontach eile do lucht éisteachta na ceoltóirí eachtrúla seo a chloisint. Léiríonn an t-albam fuinneamh cruthaitheach leathan na beirte. Tá a gcuid féin ann chomh maith le cóiriú ar leith de cheol traidisiúnta na hÉireann, na Briotáine agus na hAstúire.
Agus iad bainteach le ceol amharclanna agus le ceol-eachtraí nua is féidir a bheith cinnte go mbeidh níos mó le teacht ó na ceoltóirí ilchumasacha seo.
Flaithrí :
MSc den Chéad Grád Onóracha sa Teicneolaíocht Fuaime ó Ollscoil Luimní.
BMus Onóracha ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, leis an marc is airde dá cheoltóireacht.
Aonréadaí do chumadóireacht shiansach Eddie McGuire “L’Epopée Celtique”.
Aonréadaí san Royal Scottish National Symphony Orchestra in Albain sa Glasgow Royal Concert Hall.
Aonréadaí leis an Cork Youth Orchestra don “Brendan Voyage” ag Shaun Davey in Éirinn agus san Iodáil.
Riverdance (Alban, Stáit Aontaithe agus Ceanada) chomh maith le an-chuid seónna eile.
Seaimpín ildánach le 10 “Fleadh Cheoil na hÉireann”, Feis Maitiú bliain i ndiaidh bliana, agus eile.
Céad Duais in “Leitrim 1798, Original Music Competition”. (An chéad fhonn "Ar Scáth a Chéile" ar rian #9. Leitrim 1798 Suite).
Eoghan :
MA den Chéad Grád Onóracha sa Cheoleolaíocht ó Ollscoil Luimní.
BMus Céad Onóracha ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Séan Ó Riada Memorial Prize (UCC, “deepest understanding of the nature of Irish Traditional Music”).
Donal ‘Doc’ Gleeson Instrument Tuition Award (UCC, “demonstrating exceptional performance ability”).
Comhaltas Ceoltóirí Éireann Scholarship (UCC).
“GRADAM”, duais dá chumadóireacht don dráma nua – Selkie.
Seaimpín ildánach le “Fleadh Cheoil na hÉireann”, Pan-Celtic, 7rl.
Feis na Laoi, 1994, bhronn Peadar Ó Riada an chéad duais agus 100% ar an bhfidléir óg (13 bl. d'aois).
Is mór an grá agus is leathan an tuiscint atá ag Eoghan sa cheol, agus de bharr seo léirigh sé a leithéid de “Kora Directory” ar an idirlíon, staidéar ar “The Music of the Javanese Gamelan with Comparisons to Irish Traditional Music”, agus eile.
Bhí a chlár dá-theangach féin ar Cork Campus Radio “NOMAD” a chuir cultúr na cruinne ar fáil don lucht éisteachta na cathrach. Is fear ilchumasach é agus é ag léiriú, ag cur i láthair, ag déanamh taighde agus ag láimhseáil cúrsaí innealtóireachta é féin. Chomh maith le sin dhein sé agallamh gach seachtain le ceoltóir náisiúnta nó idirnáisiúnta agus is as sin a tháinig alt seachtainiúil dó ar an nuachtáin "LÁ" ina roinneann sé na hagallaimh siúd le lucht léitheoireachta.
Meallann díograis dá fhidil Eoghan isteach i gcuideachta cheoil a mheascann cineálacha ceol agus tobchumadh:
Jazz Collage faoi Paul O’Donnell, UCC (agus a bhí mar chuid de Cork Jazz Festival 2003).
Efficient Céilí Band faoi Mícheál Ó Súilleabháin.
The UCC Gamelan ensemble.
Fiddlesticks faoin Dr. Liz Doherty.
AGALLAMH :
Cathain agus cén fáth a thosaigh sibh ag seinnt an cheoil?
Bhí spéis ag ár dtuismitheoirí, Éibhear agus Muireann, sa cheol traidisiúnta i gcónaí. Sheinn tuismitheoirí Éibhir ceol traidisiúnta chomh maith, fiú. Sheinn a mháthair an fhidil agus a athair an maindilín agus an banjó, is cuimhin leis a dheartháireacha agus a dheirfiúracha agus damhsa sa chistin i nDúglas agus a thuismitheoirí ag seinnt, ba é an tarna duine is óige.
Tá bailiúcháin mór ceirníní ag Éibhear chomh maith agus bhíodh siad i gcónaí á gcasadh aige. Is féidir a rá mar sin go raibh an ceol mór-thimpeall orainn ó bhíomar óg.
Conas ar tháinig tú ar an ngléas ceoil a roghnú?
F:- Nuair a bhí m'athair ag casadh a chuid ceirníní sa bhaile, d'thaitin fuaim na píb go mór liom. Bhí spéis agam leis ann mar bhí cuma an-chasta orthu, cheapas go raibh cuma breá ann. Nuair a bhí lorg eolais déanta d'fhreastail mé ar ranganna le Tomás Ó Canainn sa Cheol Scoil i gCorcaigh.
E:- Do bhí mé fhéin tógtha le fuaim an fhidil agus ar an gcuma go seinntear í. Chuaigh mé fhéin go dtí ranganna le Gary Cronin sa Cheol Scoil.
An bhfuil na píb deacair le seinnt?
Tá ag an tús mar tá tú ag láimhseáil an-chuid rudaí ag an am céanna. Mar shampla, bíonn tú ag tarraingt isteach aer le boilg fé uilleann amháin agus é a choimeád i mála fén uilleann eile agus fós ag an am céanna bíonn ort an ceol a dhéanamh ar an seamsúr, agus, é seo ar fad déanta agus tú ag coimeád smacht ar an mbrú. Agus níl críochnaithe agat fós mar nuair atá doird agus rialtóirí agat éiríonn sin níos deacra arís -- bhí sé an-dheacair ceart go leor ach sa deireadh gheofá taithí air.
Cén fáth ceol beirte?
Deirtear gur iad na píb uilleann agus an fhidil na gléasanna is binne don gceol beirte. Tá an fhuaim as an dá gléas an-chosúil lena chéile. Is féidir an fhidil a cur i dtiúin leis na píb, rud nach féidir a dhéanamh leis an mbosca mar shampla, agus tá sé sin an-thábhachtach mar athraíonn tiúineáil na píb go minic.
Bainimid an-shásamh as seinnt le chéile. Tá spéis ag an mbeirt againn sa stíl cheoil chéanna. Is dócha mar gheall ar na rudaí sin agus gur deartháireacha sinn go n-oirimid a chéile.
BLÚIRE EOLAIS :
Bhí na dioscanna féin léirithe as a gciste féin.
Ar Scáth a Chéile – Each Other’s Shadow :
Léiriú, Taifeadadh, Innealtóireacht ag Flaithrí & Eoghan Neff
Meascadh ag Eoghan & Flaithrí Neff
Máistreacht ag Eoghan Neff
Ealaíon agus Grafaicí ag Éibhear Neff
Rianta cóirithe ag Eoghan Neff :-
#1. Asturias
#2. Cath Eachroma
#3. Promenade
#4. Clockworx
#8. The Octopus (NB 3ú fonn The Octopus cumtha ag Eoghan)
#11. My Lagan Love
Rian cumtha agus cóirithe ag Flaithrí & Eoghan Neff :-
#5. Róisín san Ind (Fonn Mall: Flaithrí. Ríl: Eoghan)
Rian cumtha agus cóirithe ag Flaithrí Neff :-
#9. Leitrim 1798 Suite
Rianta cóirithe ag Eoghan & Flaithrí Neff :-
#6. Gleannta Eatharlaí
#7. Rakish Paddy
#10. Ceiltis (NB 1cd fonn Ceiltis cumtha ag Flaithrí)
#12. An Gallóglach